Céard é Maratón na bPáistí?

Tá an clár 8 seachtaine seo eagraithe ag Maratón na bPáistí i gcomhar le hOifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta, dírithe ar dhaltaí i Rang 5 & 6 i scoileanna ar fud na Gaeltachta. Beidh ceithre sheisiún reatha ag na daltaí gach seachtain chun iad a thabhairt níos gaire dá gcéad mharatón a chríochnú chomh maith le bheith ag foghlaim faoi na buntáistí a bhaineann le haclaíocht. Rithfidh na daltaí a míle deiridh ag ócáid speisialta i mí na Nollag.